Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
An teach inár tógadh é, teach ceann tuí a bhí ann, cuireadh slataí air in 1925. Cur síos ar an teach a bhí acu. Thagadh an t-eallach agus na cearca isteach an tí. An cineál maide mullaigh a bhí sa teach.
Ag déanamh an tuí don teach.
A chuimhne ar fás aníos ag éisteacht le lucht an airneáin istigh sna tithe. Bhí na tithe seascair, urláir chréafóige (cré ghorm) a bhí acu. Cuntas maith tugtha aige ar an eolas seo uilig.
Bhí an tine i gcónaí lasta, ag coigilt na tine, ag déanamh an tae ar an choigilt.
Bhí leaba ag taobh na tine. Bhí cuirtín ag cuid de na daoine thart ar an leaba ach cláir a bhí thart ar an chuid is mó de na leapacha. Bhíodh an píopa agus an tae istigh i bpoll an bhoc. As cochán a bhí na leapacha déanta agus dheargadh a athair mór a phíopa le píosa cocháin tarraingthe as taobh na leapa agus lasta sa tine. Thugtaí toit den phíopa cré do dhaoine nuair a théadh siad isteach sna tithe.
Bhí spás sa doras a ligeadh don chat fáil amach agus isteach. | 00:22:20 | |
Lampaí beaga crochta ar thaobh an bhalla a bhí acu. Chuirtí ola iontu. | 00:01:48 | |
In 1933 bhí deontais ar fáil, in 1934 fuair a athair deontas le teach úr a thógáil, £85 a fuair siad, cheannaigh siad an t-ábhar uilig don teach ar an Bhun Bheag. Bhí trí sheomra agus cistin acu. Fear sa chomharsan a rinne an obair. Chosain an teach £150. Bhí bóitheach cearc le tógáil i gcuideachta an tí úir. Bhí doras na gaoithe agus doras an fhoscaidh acu. | 00:07:27 | |